[Ceol aigeanta]

Nóta amhairc

Íomhá de lánúin. Tá an bhean ag caitheamh blús dearg agus brístí dubha, agus tá seisean ag caitheamh léine agus jíons bána. Tá siad ina seasamh ar staighre. Taobh thiar díobh tá plandaí agus bláthanna corcra.

Sheel, aoi Airbnb

Chonaic mé go raibh Brian ag óstáil, agus shíl mé nach iontach a bheadh sé fanacht i dteach Bhriain, POF Airbnb.

Nóta amhairc

Íomhá de liostú seomra Bhriain Chesky ar Airbnb. "Thar an leaba aeir" an teideal atá air. Tá cúig ghrianghraf ann. Taispeánann an ceann is mó acu leaba i dtimpeallacht gheal idir dhá fhuinneog. Taispeánann pictiúir eile de chodanna eile den seomra léarscáil den domhan agus cúisín ar a bhfuil na focail Airbnb. Faoi na grianghraif, léitear "Seomra príobháideach i dteach á óstáil ag Brian" agus pictiúr beag de Bhrian Chesky. Ansin, taispeánann seat gar-amhairc na sonraí: tá an liostú do bheirt aíonna, le seomra leapa amháin, leaba amháin agus seomra folctha comhroinnte.

Amruta, aoi Airbnb

Bheannaigh sé dúinn agus thug timpeall an tí muid, agus thóg sé ár málaí.

Sheel, aoi Airbnb

Sea, thóg sé a málaí.

Amruta, aoi Airbnb

Sea, thóg sé ár málaí! Dar liom narbh é seo teach POF Airbnb. Seo ár gcara nua agus ár nÓstach don deireadh seachtaine.

Nóta amhairc

I sraitheog thapa, téann íomhánna de Bhrian Chesky ag beannú dá aíonna thart: i halla, ag bualadh le ceann de na madraí, Labradór fionn. Cuireann Brian an bagáiste sa seomra leapa, agus déanann an bhean bánaí leis an madra. Tá Brian agus an bhean ar tí rud éigin a ullmhú sa chistin agus aoibh mhór orthu. Tá Brian in aice leis an bhfear, déanann sé miongháire agus cuireann sé na comhábhair sa chumascóir. Taispeánann Brian agus an fear tráidire brioscaí úrbhácáilte. Sa ghrianghraf deireanach, tá an triúr acu ina suí in aice le dhá mhadra an tí.

Sheel, aoi Airbnb

Tá rud éigin faoi Airbnb a chruthaíonn dáimh idir dhaoine.

Nóta amhairc

Tá Brian Chesky, comhbhunaitheoir agus POF Airbnb, ina shuí ina sheomra suí os comhair tábla adhmaid, ag caint go díreach leis an gceamara. Taobh thiar dó tá crann i bpota. Tá an seomra geal, agus troscán adhmaid ann. Tá Brian ag geáitsíocht lena lámha agus é ag labhairt.

Zúmálann an ceamara níos dlúithe ar aghaidh Bhriain, rud a thugann aclaíocht agus gluaiseacht le tuiscint.

Brian Chesky

Ba é fanacht ag Óstach an bunsmaoineamh taobh thiar de Airbnb. Le fírinne ní raibh bealach níos fearr ná níos inacmhainne le heolas a chur ar áit nua. Ba bhreá go ndéanfadh níos mó daoine é. Ach le fanacht ag Óstach, ní mór go bhfuil daoine ar a suaimhneas. Agus sin a rinneamar le Airbnb Seomraí. Tuiscint úrnua ar bhunchoincheap Airbnb.

Nóta amhairc

Athraíonn an cúlra go bán, agus feictear an teideal "Airbnb Seomraí" i litreacha dubha móra.

Brian Chesky

Gheobhaidh tú Airbnb Seomraí i gcatagóir nua darb ainm Seomraí. Tá breis is milliún seomraí ann ar fud an domhain. Agus tá gach ceann acu uathúil.

Nóta Amhairc

Ar an gcúlra bán, ar scáileán fóin, feicimid aip Airbnb ag scrolláil síos. Ar dtús, zúmálann an íomhá isteach chun an roghnóir "Seomraí" a thaispeáint. Ansin, tosaíonn sí ag scrolláil go cothrománach idir na grianghraif de na seomraí atá le feiceáil i liostú i Maidrid na Spáinne, agus ansin ag scrolláil go hingearach chun pictiúir de liostú eile in Sydney na hAstráile agus ceann eile i Londain Shasana a thaispeáint. Ansin, tá an íomhá de Bhrian Chesky ag caint leis an gceamara le feiceáil ar feadh tamaillín.

Brian Chesky

B'fhéidir gur thug tú rud nua faoi deara. Tá sé i gcúinne gach liostaithe. Tugaimid Faisnéis ar an Óstach air, agus cheapamar é chun d'Óstach a chur in aithne duit roimh ré.

Nóta amhairc

Zúmálann an íomhá ar scáileán an fhóin síos go dtí an t-íochtar ar dheis, áit a bhfuil an grianghraf den óstach, é i bhfráma beag bán 3T. Feicimid aghaidh Lena níos gaire. Ansin, labhraíonn Brian leis an gceamara agus a ghutháin i leathláimh aige, déanann sé geáitsíocht leis an láimh eile le béim a leagan ar a chuid focal.

Athraíonn an ceol.

Brian Chesky

Osclaímis Faisnéis Lena. Ag an mbarr, feiceann tú buneolas faoi Lena, amhail rátáil. Agus faoi sin feictear sonraí spraíúla a roinn Lena fúithi féin. Is dearthóir eispéiris úsáide í. Rinne sí féin an chuid is mó den troscán ina hárasán. Agus svaidhpeálann tú suas, le tuilleadh eolais a fháil amach fúithi.

Nóta amhairc

Ar ais go dtí an íomhá d'aip Airbnb atá ar oscailt ar an bhfón, cliceáiltear ar íomhá Lena lena hoscailt, agus taispeántar tuilleadh eolais. Ag an mbarr, taispeánann cárta cúlra bán gur Sáróstach í, agus 17 léirmheas aici, rátáil 4.94 réalta agus tá sí 8 mbliana ag óstáil. Faoin eolais sin, ar chúlra neodrach, léimid go n-oibríonn sí mar dhearthóir eispéiris úsáide, go ndearna sí féin an chuid is mó den troscán atá ina hárasán (is breá léi troscán a dhearadh), agus go dtugann sí torthaí úra don bhricfeasta. Taispeánann an íomhá gur leor svaidhpeáil suas agus feictear níos mó eolais, mar shampla go bhfuil Cóiréis aici, gur rugadh sna 80í í agus gurb annamh di bheith sa teach agus eile.

Brian Chesky

Anois caithimis súil ar sheomra eile. Tá an ceann seo in Jaipur agus tá cuma iontach air.

Tá sé á óstáil ag Shan. Tá Shan ina dhearthóir intí a bhailíonn seandachtaí agus ar breá leis Phil Collins. Agus cá locht air é?

Nóta amhairc

Leanann guth Bhriain ag cur síos ar na liostuithe agus stopann an scrolláil ar an aip ag foilseachán in Jaipur, India. Taispeánann grianghraif den seomra maisiúcháin áille mhionsonraithe ar dhathanna ruánacha le pictiúir, rugaí agus teicstílí galánta gréasacha. Zúmáiltear ar íomhá Shan, an tÓstach, agus feictear gur Sáróstach é, le 184 léirmheas, rátáil 4.85 réalta, agus go bhfuil sé ag óstáil le 6 bliana. Tá sé ag obair mar dhearthóir intí, bailíonn sé seandachtaí agus d'éisteadh sé le Phil Collins agus é ar scoil.

Brian Chesky

Anois, seo áit iontach i mBeirlín. Tá 6 theanga ag Joana. Sin 5 cinn de bhreis ormsa. Is breá léi Kiss, is mór idir sin agus Phill Collins.

Nóta Amhairc

Tá árasán Joana fairsing geal. Sa chéad íomhá, a thaispeánann a seomra suí, tá fuinneog mhór agus tolg mór rua le tábla gloine os a chomhair. Tá lampa urláir agus ruga ag teacht leis an bpictiúr ar an mballa. Deir eolas Joana gur Sáróstach í, le 88 léirmheas agus rátáil 4.97 réalta. Tá sí ina hóstach le 5 bliana, tá 6 theanga aici agus, i measc rudaí eile, d'éisteadh sí le Kiss ar scoil di.

Brian Chesky

Nach mór an spórt iad na Faisnéisí seo ar Óstaigh chun aithne a chur ar d'Óstach sula mbuailfidh sibh lena chéile.

Nóta amhairc

Brian ag caint go paiseanta i seat gar-amhairc dá aghaidh. Ansin, leathann an íomhá, agus feicimid ina shuí ina sheomra suí é os comhair an tábla adhmaid agus a ghuthán i leathláimh aige.

Brian Chesky

Tá an seomra seo i gCathair Mheicsiceo á óstáil ag Werner.

Bhí sé ina chónaí i sé thír éagsúla. Tá a theach tógtha as ábhair athchúrsáilte, agus déanann sé chilaquiles baile dá aíonna. Agus sin go léir ar níos lú ná $100 in aghaidh na hoíche. Go deimhin, tá an meánphraghas ar Sheomra Airbnb ionann agus $67 in aghaidh na hoíche.

Nóta Amhairc

Stopann an scrolláil ar an aip ag foilseachán i gCathair Mheicsiceo. Taispeánann an pictiúr seomra ina bhfuil ballaí bána agus saileanna ollmhóra adhmaid sa tsíleáil. Tá an t-urlár déanta as adhmad freisin, agus tá troscán ionsuite ann. Tá cumhdach geal gorm agus piliúir le sceada dearga ar an leaba. Tá dath rua, dearg agus gorm ar na pictiúir ar an mballa. Bhí cónaí ar an óstach, Werner, i 6 thír éagsúla. Tá a theach tógtha as ábhair athchúrsáilte, agus cuireann sé chilaquiles baile ar fáil dúinn don bhricfeasta! Tá dhá mhadra aige freisin agus tá Béarla, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis aige. Taispeánann grianghraif eile teach álainn Werner, agus ansin zúmáiltear isteach ar an bpraghas in aghaidh na hoíche: $98.

Brian Chesky

Agus sin agat Airbnb Seomraí, le Faisnéis ar an Óstach.

Nóta amhairc

Ag labhairt go muiníneach leis an gceamara, leagann Brian a ghuthán ar an tábla. Ansin, ar an gcúlra bán, feicimid an íomhá den aip ag leathadh amach chun cúig ghuthán a thaispeáint agus seomra éagsúil ar gach ceann acu. Chonaic muid cuid acu cheana féin, agus is seomraí nua iad na cinn eile. Ansin, osclaíonn na Faisnéisí ar na hÓstaigh, ag taispeáint eolas mionsonraithe faoi Werner, Lena, Joana agus beirt óstach nua: Bron agus Kay.

Nóta amhairc

Athraíonn an íomhá go seanphíosaí scannánaíochta (faoin bhfíseán léitear go bhfuil an taifeadadh ó 2007). Feicimid Brian óg ag caitheamh seaicéad dorcha agus ag cur málaí isteach i ngluaisteán.

Joe Gebbia, Comhbhunaitheoir Airbnb

A Amol, cérbh í an chuid ab fhearr leat?

Amol, an chéad aoi de chuid Airbnb

Ba í an chuid ab fhearr liom fanacht ag Joe agus Brian.

Nóta amhairc

Croitheann Brian óg a lámh, agus faoin bhfíseán léimid “an chéad óstach de chuid Airbnb". Le linn do Bhrian labhairt, taispeántar grianghraf de ina sheasamh in aice leis an gcéad aoi de chuid Airbnb.

Brian Chesky

Ba é sluán bunaidh Airbnb "Taistil ar nós daonnaí". Ba thábhachtaí riamh an daonnaí ná an taisteal. Is í an chuid den taisteal is mó a mhaireann i do chuimhne ná na daoine eile i do gcuideachta.

Nóta amhairc

Taispeánann físeán le fuaim dhoiléir Brian Chesky agus an chéad aoi san fhíseán seo ag ithe na brioscaí a bhácáil siad le chéile. Ansin tá grianghraf de Bhrian Chesky ag ithe lóin le beirt aíonna agus ansin grianghraf eile a thaispeánann é ag siúl le haoi eile agus lena mhadra.

Brian Chesky

Bualadh le duine nua, siúl ina mbróga agus cathair a fheiceáil trína súile. Sin bun agus barr Airbnb agus Airbnb Seomraí.

Nóta amhairc

Labhraíonn Brian leis an gceamara agus dreach macánta mothúchánach air. Ansin, bánaíonn an íomhá agus feictear lógó dearg Airbnb agus téacs níos lú faoi: "Taispeántar eispéireas an táirge sna Stát Aontaithe".